|
|||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 7 de 1954. | ||
| [EN] |
AN tACHT UM CHISTE FORBARTHA NÁISIÚNTA, 1954. | |
[An tiontó oifigiúil.] | ||
ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE LE hAGHAIDH CISTE DÁ nGAIRMFEAR AN CISTE FORBARTHA NÁISIÚNTA. [10ú Márta, 1954.] | ||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
| [EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais; | |
| [EN] | ciallaíonn “an Ciste” an Ciste Forbartha Náisiúnta a bunaítear le halt 2 den Acht seo. | |
| [EN] |
Bunú an Chiste. |
2. —Bunaítear leis seo ciste ar a dtabharfar an Ciste Forbartha Náisiúnta agus beidh sé faoi rialú agus faoi bhainistí an Aire. |
| [EN] |
Iocaíochtaí isteach sa Chiste. |
3. —Déanfar suim nach mó ná cúig mhilliún punt d'íoc isteach sa Chiste, as airgead a sholáthrós an tOireachtas— |
| [EN] | (a) sa bhliain airgeadais dár críoch an 31ú lá de Mhárta, 1954, agus | |
| [EN] | (b) gach bliain de na trí bliana airgeadais díreach ina dhiaidh sin. | |
| [EN] |
An Ciste a chur chun feidhme. |
4. —Féadfaidh an tAire an Ciste d'úsáid chun tionscadail d'airgeadasú is dóigh leis a bheith ina dtionscadail forbartha de ghné phoiblí agus a bheith chun leasa an náisiúin. |
| [EN] |
Tórainn le comhshuim an airgid atá caite agus an airgid atá le caitheamh. |
5. —Ní raghaidh comhshuim— |
| [EN] | (a) an chaiteachais iomláin de thuras na huaire as an gCiste, agus | |
| [EN] | (b) aon mhéid a bheas an t-iomlán sin faoi bhun an chostais iomláin a mheasfas an tAire do na tionscadail uile a mbeidh a n-airgeadasú as an gCiste ceadaithe aige, | |
| [EN] | thar fiche milliún punt. | |
| [EN] |
Airgead an Chiste d'infheistiú. |
6. —Féadfaidh an tAire airgead de chuid an Chiste nach bhfuil ag teastáil láithreach lena úsáid do réir ailt 4 den Acht seo d'infheistiú ó am go ham, mar is oiriúnach leis, in aon tslí inar féidir airgead de chuid Bhanc Taisce an Phoist d'infheistiú, agus féadfar aon infheistíocht den tsórt sin a réadú tráth ar bith. |
| [EN] |
Forceannadh an Chiste. |
7. —Ar an mbliain airgeadais dár críoch an 31ú lá de Mhárta, 1957, a bheith caite, forceannfar an Ciste agus déanfar an iarmhéid a bheas fágtha sa Chiste an uair sin, maraon leis an sochar as réadú aon infheistíochtaí de chuid an Chiste, d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a threorós an tAire, sa mhéid nach dteastóidh sé chun aon dliteanas a bheas ar an gCiste an lá sin a ghlanadh. |
| [EN] |
Cuntas bliantúil ar íocaíochtaí isteach sa Chiste agus amach as. |
8. —(1) Ullmhóidh an tAire, maidir le gach bliain airgeadais a bheas an Ciste ar cothabháil, cuntas ar íocaíochtaí isteach sa Chiste agus amach as, agus cuirfear an cuntas sin faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste le haghaidh scrúduithe agus tuarascála. |
| [EN] | (2) Leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas cóip de gach cuntas a hullamhófar faoin alt seo agus de gach tuarascáil air ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. | |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
9. —Féadfar an tAcht um Chiste Forbartha Náisiúnta, 1954 , a ghairm den Acht seo. |