|
|||||
|
| [EN] | ||||||||||
Uimhir 17 de 1977 | ||||||||||
| [EN] |
ACHT NA gCARA-CHUMANN (LEASÚ), 1977 | |||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||
ACHT DO LEASÚ ACHTA NA gCARA-CHUMANN, 1896 GO 1953. [1 Meitheamh, 1977] | ||||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||
| [EN] |
Mínithe. 1896, c. 25. |
1. —San Acht seo— | ||||||||
| [EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Friendly Societies Act, 1896; | |||||||||
| [EN] | ciallaíonn “na hAchtanna” Achtanna na gCara-Chumann, 1896 go 1977. | |||||||||
| [EN] |
Athrú ar na srianta le hiasachtaí a thabhairt as cistí iasachtaí ar leithligh agus le taiscí a ghlacadh. |
2. —Féadfaidh an tAire le rialacháin na srianta atá leagtha amach i míreanna (a) go (d) d'alt 46 den Phríomh-Acht a athrú ar srianta iad— | ||||||||
| [EN] | (a) le cumainn chláraithe nó le haicme shonraithe nó le haicmí sonraithe cumann cláraithe do thabhairt iasachtaí do chomhaltaí as ciste iasachta ar leithligh, agus | |||||||||
| [EN] | (b) le cumainn chláraithe nó le haicme shonraithe nó le haicmí sonraithe cumann cláraithe do ghlacadh taiscí ó chomhaltaí, | |||||||||
| [EN] | agus féadfaidh na rialacháin socrú a dhéanamh le haghaidh srianta éagsúla den sórt sin i ndáil le haicmí éagsúla cumann. | |||||||||
| [EN] |
Cuntais cumann agus iniúchadh na gcuntas sin. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire le rialacháin— | ||||||||
| [EN] | (a) a cheangal ar chumainn chláraithe agus ar a mbrainsí cibé cuntais agus taifid a choimeád ar cibé ábhair agus i cibé foirm a shonrófar sna rialacháin, | |||||||||
| [EN] | (b) cibé foráil a dhéanamh is iomchuí leis i ndáil le hiniúchadh chuntais cumann cláraithe agus a mbrainsí (lenar n-áirítear tráth agus minicíocht an iniúchta sin), | |||||||||
| [EN] | (c) a fhoráil nach ndéanfaidh duine cuntais cumainn chláraithe nó cuntais brainse de chumann cláraithe a iniúchadh chun críocha alt 26 den Phríomh-Acht mura mbeidh na cáilíochtaí aige a shonraítear sna rialacháin, | |||||||||
| [EN] | (d) a cheangal ar choistí bainistíochta cumann cláraithe cóipeanna de na cuntais sin a bheidh á gcoimeád de bhun rialacháin faoin alt seo agus a bheidh sonraithe sna rialacháin a leagan faoi bhráid cruinnithe ginearálta bliantúla na gcumann. | |||||||||
| [EN] | (2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo ceanglais éagsúla agus forálacha éagsúla i ndáil le haicmí éagsúla cumann a bheith iontu. | |||||||||
| [EN] | (3) Beidh éifeacht le rialacháin faoin alt seo d'ainneoin aon fhoráil de na hAchtanna. | |||||||||
| [EN] |
Coistí maoirseachta. |
4. —(1) San alt seo ciallaíonn “cumann lena mbaineann an t-alt seo” cumann cláraithe d'aicme a bhfuil feidhm i ndáil léi ag rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo. | ||||||||
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a cheangal go mbeidh ar gach cumann d'aicme shonraithe nó d'aicmí sonraithe cumann cláraithe a oibríonn ciste iasachta faoi alt 46 den Phríomh-Acht, coiste maoirseachta a bheith aige díreach tar éis an chéad chruinnithe ghinearálta bhliantúil den chumann a thionólfar ar dháta sonraithe nó dá éis. | |||||||||
| [EN] | (3) Ag an gcéad chruinniú ginearálta bliantúil de chumann lena mbaineann an t-alt seo a thionólfar ar an dáta nó tar éis an dáta a bheidh sonraithe i rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo i ndáil le haicme cumann cláraithe lena mbaineann an cumann sin, agus ag gach tríú cruinniú ginearálta bliantúil den chumann dá éis sin, toghfaidh na comhaltaí den chumann a bheidh i láthair, trí rúnbhallóid, trí chomhalta le bheith ina gcoiste maoirseachta ar an gcumann agus déanfaidh an coiste feidhmeanna agus cumhachtaí ar comhréir leis na feidhmeanna agus na cumhachtaí a shanntar do Choiste Maoirseachta faoin Acht um Chomhar Creidmheasa, 1966 , a chomhlíonadh agus a fheidhmiú. | |||||||||
| [EN] | (4) Is é comhdhéanamh coiste maoirseachta cumann lena mbaineann an t-alt seo dhá chomhalta den chumann nach oifigigh don chumann agus iontaobhaí don chumann. | |||||||||
| [EN] | (5) Sealbhóidh na comhaltaí de choiste maoirseachta cumann lena mbaineann an t-alt seo oifig go dtí go mbeidh deireadh leis an tríú cruinniú ginearálta bliantúil den chumann i ndiaidh an chinn ag ar toghadh iad. | |||||||||
| [EN] | (6) I gcás corrfholúntas a bheith i gcoiste maoirseachta cumann lena mbaineann an t-alt seo líonfaidh na comhaltaí eile den choiste é trí dhuine de chomhaltaí an chumainn a cheapadh ann agus sealbhóidh an duine a cheapfar amhlaidh oifig go dtí deireadh an chéad chruinnithe ghinearálta bhliantúil eile den chumann a bheidh ann tar éis a cheaptha. | |||||||||
| [EN] |
Cláraitheoir na gCara-Chumann. 1936, Uimh 51. |
5. —(1) Íocfar le cláraitheoir na gcara-chumann cibé luach saothair a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí. | ||||||||
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire cláraitheoir na gcara-chumann a chur as oifig. Cuirfear in iúl don chláraitheoir na fáthanna lena chur as oifig agus leagfar ráiteas i dtaobh na bhfáthanna faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |||||||||
| [EN] | (3) Aisghairtear leis seo an oiread sin d'alt 4 (2) den Acht um Chlárlann na gCara-Chumann, 1936 , a cheanglaíonn gur abhcóide cláraitheoir na gcara-chumann agus achtaítear leis seo ina ionad sin gur duine cláraitheoir na gcara-chumann ag a mbeidh cibé cáilíochtaí a chinnfidh an tAire. | |||||||||
| [EN] | (4) Má bhíonn cláraitheoir na gcara-chumann as láthair, féadfaidh cibé duine a údaróidh an tAire de thuras na huaire a chumhachtaí, a fheidhmeanna agus a dhualgais a fheidhmiú agus a chomhlíonadh. | |||||||||
| [EN] | (5) Forléireofar ailt 1 agus 5 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht leo de réir forálacha an ailt seo. | |||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 77 den Phríomh-Acht. |
6. —Leasaítear leis seo alt 77 den Phríomh-Acht trí “or regulations under the Friendly Societies Acts, 1896 to 1977” a chur isteach i ndiaidh “Act” i mír (b) d'fho-alt (1), agus tá an mhír sin (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||
| ||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 84 den Phríomh-Acht. |
7. —Leasaítear leis seo alt 84 den Phríomh-Acht trí “or regulations under the Friendly Societies Acts, 1896 to 1977,” a chur isteach i ndiaidh “by this Act” i míreanna (a) agus (b), agus tá na míreanna sin (a) agus (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||
| ||||||||||
| [EN] |
Cumhacht suimeanna áirithe a shonraítear sa Phríomh-Acht a mhéadú le rialacháin. |
8. —Féadfaidh an tAire, le rialacháin, ailt 8, 41, 56 go 58, 62 agus 65 den Phríomh-Acht, nó aon alt nó ailt díobh sin, a leasú chun aon suim nó suimeanna de na suimeanna a shonraítear sna hailt sin a mhéadú de cibé suim nó suimeanna is cuí leis. | ||||||||
| [EN] |
Méadú ar phíonois áirithe faoin bPríomh-Acht. |
9. —(1) Leasaítear leis seo alt 87 (3) den Phríomh-Acht trí “£250” a chur in ionad “twenty pounds” agus tá an t-alt sin 87 (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||
| [EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 88 den Phríomh-Acht trí “£500” a chur in ionad “fifty pounds” agus tá an t-alt sin 88, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||||||||
| [EN] | (3) Leasaítear leis seo alt 89 den Phríomh-Acht trí “£100” a chur in ionad “five pounds” agus tá an t-alt sin 89, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||||||||
| ||||||||||
| [EN] |
Tithe an Oireachtais do cheadú dréacht de rialacháin. |
10. —I gcás a mbeartófar rialachán a dhéanamh faoin Acht seo, leagfar dréacht den rialachán faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an rialachán go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin. | ||||||||
| [EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
11. —(1) Féadfar Acht na gCara-Chumann (Leasú), 1977 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||
| [EN] | (2) Forléireofar Achta na gCara-Chumann, 1896 go 1953, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar Achtanna na gCara-Chumann, 1896 go 1977, a ghairm díobh le chéile. | |||||||||