|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II An Chúirt Achomhairc Armchúirteanna) |
AN tACHT UM ACHOMHAIRC ARMCHÚIRTEANNA, 1983
| [EN] | ||||||||
| [EN] |
CUID III Cúnamh Dlíthiúil | |||||||
| [EN] |
Mínithe do Chuid III. |
25. —Sa Chuid seo den Acht seo— | ||||||
| [EN] | ciallaíonn “deimhniú um chúnamh dlíthiúil” deimhniú um chúnamh dlíthiúil (réamh-imeachtaí), deimhniú um chúnamh dlíthiúil (armchúirt), deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Achomhairc Armchúirteanna) nó deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Uachtarach); | |||||||
| [EN] | ciallaíonn “an t-údarás forordaithe” an duine a bhforordaítear le rialacháin faoi alt 33 den Acht seo gurb é an t-údarás forordaithe é chun críocha na Coda seo den Acht seo. | |||||||
| [EN] |
Deimhniú um chúnamh dlíthiúil (réamh-imeachtaí). |
26. —I gcás— | ||||||
| [EN] | (a) ina gcúiseofar duine (dá ngairtear “an cúisí” san alt seo) i gcion in aghaidh an dlí mhíleata, agus | |||||||
| [EN] | (b) ina gceadaíonn rialacha a rinne an tAire faoi alt 240 d'Acht 1954 don chúisí abhcóide nó aturnae a bheith ag feidhmiú dó le linn don chúiseamh a bheith á imscrúdú nó don fhianaise a bheith á breacadh síos de bhun na rialacha sin (nó le linn don imscrúdú sin a bheith á dhéanamh agus don fhianaise sin a bheith á breacadh síos), | |||||||
| [EN] | ansin, má fheictear don údarás forordaithe— | |||||||
| [EN] | (i) nach leor acmhainn an chúisí chun go mbeadh ar a chumas cúnamh dlíthiúil a fháil, agus | |||||||
| [EN] | (ii) gur gá ar mhaithe leis an gceartas, mar gheall ar thromaíocht an chúisimh nó imthosca eisceachtúla, go mbeadh cúnamh dlíthiúil aige le linn don chúiseamh a bheith á imscrúdú nó don fhianaise a bheith á breacadh síos (nó le linn don imscrúdú sin a bheith á dhéanamh agus don fhianaise sin a bheith á breacadh síos), | |||||||
| [EN] | déanfaidh an t-údarás forordaithe, ar iarratas a dhéanamh chuige chun na críche sin, deimhniú um chúnamh dlíthiúil in aisce (dá ngairtear “deimhniú um chúnamh dlíthiúil (réamh-imeachtaí)” sa Chuid seo den Acht seo) a dheonú i leith an chúisí agus as a aithle sin beidh an cúisí i dteideal an cúnamh dlíthiúil sin a fháil agus aturnae agus (i gcás é a bheith cúisithe i gcion báis nó i ndúnmharú agus gur oiriúnach leis an údarás forordaithe é) abhcóide a bheith ar sannadh dó don imscrúdú sin nó do bhreacadh síos sin na fianaise (nó don imscrúdú sin agus do bhreacadh síos sin na fianaise) i cibé slí a bheidh forordaithe le rialacháin faoi alt 33 den Acht seo. | |||||||
| [EN] |
Deimhniú um chúnamh dlíthiúil (armchúirt). |
27. —(1) I gcás— | ||||||
| [EN] | (a) ina ndéanfar ordú chun duine (dá ngairtear “an cúisí” san alt seo) a thriail ag armchúirt, agus | |||||||
| [EN] | (b) ina ndéanfaidh an t-údarás forordaithe deimhniú um chúnamh dlíthiúil in aisce (dá ngairtear “deimhniú um chúnamh dlíthiúil (armchúirt)” sa Chuid seo den Acht seo) a dheonú i leith an chúisí, | |||||||
| [EN] | beidh an cúisí i dteideal cúnamh dlíthiúil in aisce a fháil ag ullmhú agus ag stiúradh a chosanta ag an triail agus i dteideal aturnae agus (i gcás inar oiriúnach leis an údarás forordaithe é) abhcóide a bheith ar sannadh dó chun na críche sin i cibé slí a bheidh forordaithe le rialacháin faoi alt 33 den Acht seo. | |||||||
| [EN] | (2) Féadfar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (armchúirt) a dheonú i leith an chúisí más rud é (ach ar an gcuntar sin amháin)— | |||||||
| [EN] | (a) go ndéanfar iarratas faoina choinne sin, | |||||||
| [EN] | (b) go bhfeicfear don údarás forordaithe nach leor acmhainn an chúisí chun go mbeadh ar a chumas cúnamh dlíthiúil a fháil, agus | |||||||
| [EN] | (c) (i) gur triail i gcúis bháis nó i gcúis dúnmharaithe an triail, nó | |||||||
| [EN] | (ii) go bhfeicfear don údarás forordaithe gur gá ar mhaithe leis an gceartas, ag féachaint d'imthosca uile an cháis (lena n-áirítear cineál na cosanta sin, más ann, atá bunaithe) go mbeadh cúnamh dlíthiúil ag an gcúisí ag ullmhú agus ag stiúradh a chosanta ag an triail dó. | |||||||
| [EN] |
Deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Achomhairc Armchúirteanna). |
28. —(1) I gcás— | ||||||
| [EN] | (a) ina gciontóidh armchúirt duine (dá ngairtear “an cúisí” san alt seo), agus | |||||||
| [EN] | (b) ina ndéanfaidh an t-údarás forordaithe, nó ina ndéanfar faoi fho-alt (3) den alt seo, deimhniú um chúnamh dlíthiúil in aisce (dá ngairtear “deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Achomhairc Armchúirteanna)” sa Chuid seo den Acht seo) a dheonú i leith an chúisí, | |||||||
| [EN] | beidh an cúisí i dteideal cúnamh dlíthiúil in aisce a fháil ag ullmhú agus ag stiúradh achomhairc in aghaidh chinneadh nó phianbhreith na harmchúirte nó in aghaidh an chinnidh sin agus na pianbhreithe sin agus i dteideal aturnae agus abhcóide a bheith ar sannadh dó chun na críche sin i cibé slí a bheidh forordaithe le rialacháin faoi alt 33 den Acht seo. | |||||||
| [EN] | (2) Deonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Achomhairc Armchúirteanna) i leith an chúisí más rud é (ach ar an gcuntar sin amháin)— | |||||||
| [EN] | (a) go ndéanfar iarratas faoina choinne sin, | |||||||
| [EN] | (b) go bhfeicfear don údarás forordaithe nach leor acmhainn an chúisí chun go mbeadh ar a chumas cúnamh dlíthiúil a fháil, agus | |||||||
| [EN] | (c) (i) gur ciontú i gcion báis nó i ndúnmharú an ciontú, nó | |||||||
| [EN] | (ii) go bhfeicfear don údarás forordaithe gur gá ar mhaithe leis an gceartas, mar gheall ar thromaíocht an chiona nó imthosca eisceachtúla, go mbeadh cúnamh dlíthiúil ag an gcúisí ag ullmhú agus ag stiúradh achomhairc dó. | |||||||
| [EN] | (3) I gcás ina ndiúltóidh an t-údarás forordaithe deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Achomhairc Armchúirteanna) don chúisí, féadfaidh sé an deimhniú a iarraidh ar an gCúirt— | |||||||
| [EN] | (a) trí litir a sheolfar chuig cláraitheoir na Cúirte ina leagfar amach fíorais an cháis agus forais an iarratais, nó | |||||||
| [EN] | (b) trí iarratas chun na Cúirte féin, | |||||||
| [EN] | agus deonóidh an Chúirt an deimhniú más rud é (ach ar an gcuntar sin amháin)— | |||||||
| [EN] | (i) go bhfeicfear don Chúirt nach leor acmhainn an chúisí chun go mbeadh ar a chumas cúnamh dlíthiúil a fháil, agus | |||||||
| [EN] | (ii) (I) gur ciontú i gcion báis nó i ndúnmharú an ciontú, nó | |||||||
| [EN] | (II) go bhfeicfear don chúirt gur gá ar mhaithe leis an gceartas, mar gheall ar thromaíocht an chiona nó imthosca eisceachtúla, go mbeadh cúnamh dlíthiúil ag an gcúisí ag ullmhú agus ag stiúradh achomhairc dó. | |||||||
| [EN] |
Deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Uachtarach). |
29. —(1) I gcás— | ||||||
| [EN] | (a) ina gcúiseofar duine (dá ngairtear “an cúisí” san alt seo) i gcion in aghaidh an dlí mhíleata, | |||||||
| [EN] | (b) ina dtabharfar achomharc chun na Cúirte Uachtaraí in aghaidh chinneadh ón gCúirt i ndáil leis an gcion nó leis an bpionós a gearradh (má gearradh) ina leith, agus | |||||||
| [EN] | (c) ina ndéanfaidh an Chúirt, nó ina ndéanfar faoi fho-alt (3) den alt seo, deimhniú um chúnamh dlíthiúil in aisce (dá ngairtear “deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Uachtarach)” sa Chuid seo den Acht seo) a dheonú i leith an chúisí, | |||||||
| [EN] | beidh an cúisí i dteideal cúnamh dlíthiúil in aisce a fháil ag ullmhú agus ag stiúradh a cháis dó i ndáil leis an achomharc agus i dteideal aturnae agus abhcóide a bheith ar sannadh dó chun na críche sin i cibé slí a bheidh forordaithe le rialacháin faoi alt 33 den Acht seo. | |||||||
| [EN] | (2) Deonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Uachtarach) más rud é (ach ar an gcuntar sin amháin)— | |||||||
| [EN] | (a) go ndéanfar iarratas faoina choinne sin, agus | |||||||
| [EN] | (b) go bhfeicfear don Chúirt nach leor acmhainn an chúisí chun go mbeadh ar a chumas cúnamh dlíthiúil a fháil. | |||||||
| [EN] | (3) I gcás ina ndiúltóidh an Chúirt deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Uachtarach) don chúisí, féadfaidh sé an deimhniú a iarraidh ar an gCúirt Uachtarach— | |||||||
| [EN] | (a) trí litir a sheolfar chuig cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí ina leagfar amach fíorais an cháis agus forais an iarratais, nó | |||||||
| [EN] | (b) trí iarratas chun na Cúirte Uachtaraí féin, | |||||||
| [EN] | agus deonóidh an Chúirt Uachtarach an deimhniú más rud é (ach ar an gcuntar sin amháin) go bhfeicfear don chúirt sin nach leor acmhainn an chúisí chun go mbeadh ar a chumas cúnamh dlíthiúil a fháil. | |||||||
| [EN] |
Caiteachais a bhaineann le cúnamh dlíthiúil a íoc. |
30. —(1) I gcás ina ndeonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (réamh-imeachtaí) i leith duine, déanfar, faoi réir rialacháin faoi alt 33 den Acht seo, aon táillí, costais nó caiteachais eile faoina rachfar go cuí ag ullmhú agus ag stiúradh chás an duine i ndáil leis na himeachtaí lena mbaineann an deimhniú a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | ||||||
| [EN] | (2) I gcás ina ndeonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (armchúirt) i leith duine, déanfar, faoi réir rialacháin faoi alt 33 den Acht seo, aon táillí, costais nó caiteachais eile faoina rachfar go cuí ag ullmhú agus ag stiúradh na cosanta lena mbaineann an deimhniú a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |||||||
| [EN] | (3) I gcás ina ndeonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Achomhairc Armchúirteanna) nó deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Uachtarach) i leith duine, déanfar, faoi réir rialacháin faoi alt 33 den Acht seo, aon táillí, costais nó caiteachais eile faoina rachfar go cuí ag ullmhú agus ag stiúradh chás an duine i ndáil leis an achomharc lena mbaineann an deimhniú a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |||||||
| [EN] |
Alt 18 a shrianadh. |
31. —(1) I gcás ina ndeonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (réamh-imeachtaí) nó deimhniú um chúnamh dlíthiúil (armchúirt) i leith duine, ní bheidh dlínse ag an gCúirt faoi alt 18 den Acht seo costais a dhámhachtain don duine i leith imeachtaí lena mbaineann an deimhniú. | ||||||
| [EN] | (2) I gcás ina ndeonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (an Chúirt Achomhairc Armchúirteanna) i leith duine, ní bheidh dlínse ag an gCúirt faoi alt 18 den Acht seo costais a dhámhachtain don duine i leith imeachtaí cúirte lena mbaineann an deimhniú. | |||||||
| [EN] |
Ráiteas maidir le hacmhainn. |
32. —Sula ndeonófar deimhniú um chúnamh dlíthiúil do dhuine, féadfaidh an t-údarás forordaithe, an chúirt nó an breitheamh, de réir mar a bheidh, a bheidh ag deonú an deimhnithe a cheangal ar an duine sin ráiteas scríofa a thabhairt i cibé foirm a bheidh forordaithe ag an Aire le rialacháin faoi alt 33 den Acht seo maidir le hábhair is iomchuí chun a chinneadh cé acu is leor nó nach leor a acmhainn chun go mbeadh ar a chumas cúnamh dlíthiúil a fháil. | ||||||
| [EN] |
Rialacháin. |
33. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Chuid seo den Acht seo agus féadfar, go sonrach, na nithe seo a leanas a fhorordú sna rialacháin— | ||||||
| [EN] | (a) foirm na ndeimhnithe um chúnamh dlíthiúil, | |||||||
| [EN] | (b) rátaí nó scálaí íocaíochta aon táillí, costas nó caiteachas eile is iníoctha as airgead a sholáthróidh an tOireachtas de bhun na ndeimhnithe sin, agus | |||||||
| [EN] | (c) an tslí ina sannfar aturnaetha agus abhcóidí de bhun na ndeimhnithe sin. | |||||||
| [EN] | (2) Ní dhéanfar rialacháin faoin alt seo maidir leis na hábhair a shonraítear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo gan toiliú an Aire Airgeadais. | |||||||
| [EN] | (3) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | |||||||
| [EN] |
Pionós mar gheall ar ráitis atá bréagach nó míthreorach. |
34. —(1) Aon duine a dhéanfaidh go feasach, chun cúnamh dlíthiúil in aisce a fháil faoin gCuid seo den Acht seo, cibé acu dó féin nó do dhuine éigin eile é, ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach ó bhéal nó i scríbhinn nó aon fhíoras ábhartha a cheilt, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air. | ||||||
| [EN] | (2) Ar dhuine a chiontú i gcion faoin alt seo, féadfaidh an chúirt a chiontóidh an duine, más oiriúnach leis an gcúirt é in imthosca an cháis, a ordú don duine, i gcás aon suim a íocadh faoi alt 30 den Acht seo maidir leis an gcúnamh dlíthiúil in aisce a ndearnadh an cion ina leith, an tsuim sin go léir nó cuid di (de réir mar is cuí leis an gcúirt) a íoc leis an Aire, agus aon suim a íocfar leis an Aire de bhun an ailt seo íocfar isteach sa Státchiste í nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste í de réir treoracha an Aire Airgeadais. | |||||||
| ||||||||