|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Feidhmeanna Breise de Chuid na Gníomhaireachta) | Ar Aghaidh (CUID IV Forálacha Idirlinne) |
AN tACHT EOLAÍOCHTA AGUS TEICNEOLAÍOCHTA, 1987
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID III Riaradh | |
| [EN] |
Príomhfheidhmeannach. |
15. —Ceapfaidh Bord na Gníomhaireachta duine chun bheith ina Phríomhfheidhmeannach ar an nGníomhaireacht faoi chonradh seirbhíse ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontóidh an Bord le ceadú an Aire agus an Aire Airgeadais. |
| [EN] |
Comhalta den Bhord do nochtadh leasa i gconradh beartaithe. |
16. —Comhalta den Bhord— |
| [EN] | (a) a bhfuil aon leas ábhartha nó airgid aige in aon chomhlacht corpraithe lena mbeartaíonn an Bord conradh a dhéanamh, nó | |
| [EN] | (b) a bhfuil aon leas ábhartha nó airgid aige in aon chonradh a bheartaíonn an Bord a dhéanamh, | |
| [EN] | nochtfaidh sé don Bhord go bhfuil an leas sin aige agus cad é an leas é, agus ní ghlacfaidh sé aon pháirt in aon phlé ná cinneadh a dhéanfaidh an Bord i ndáil leis an gconradh, agus taifeadfar an nochtadh i miontuairiscí an Bhoird. | |
| [EN] |
Comhaltas de Thithe an Oireachtais nó de Thionól na gComhphobal Eorpach. |
17. —(1) Más rud é, i gcás comhalta den Bhord— |
| [EN] | (a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó | |
| [EN] | (b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó | |
| [EN] | (c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh, | |
| [EN] | scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta de Bhord na Gníomhaireachta. | |
| [EN] | (2) Más rud é, i gcás oifigigh nó seirbhísigh don Ghníomhaireacht— | |
| [EN] | (a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó | |
| [EN] | (b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó | |
| [EN] | (c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh, | |
| [EN] | beidh sé air sin ar iasacht ó fhostaíocht ag an nGníomhaireacht agus ní íocfaidh an Ghníomhaireacht leis ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón nGníomhaireacht, aon luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a thofa amhlaidh nó an tráth a measfar amhlaidh é a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Tionól sin. | |
| [EN] | (3) De thoradh na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, beidh éifeacht le halt 13 d'Acht 1961 mar a leanas: | |
| [EN] | (a) scoirfidh fo-ailt (1) agus (2), míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (3) agus fo-alt (6) d'éifeacht a bheith leo; | |
| [EN] | (b) forléireofar na tagairtí i bhfo-alt (3) d'oifigeach nó do sheirbhíseach a thiocfaidh chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas mar thagairt do dhuine lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo; | |
| [EN] | (c) forléireofar na tagairtí san alt sin 13 do bheith ar iasacht agus do thréimhse na hiasachta mar thagairtí do bheith ar iasacht agus don tréimhse iasachta faoi fho-alt (2) den alt seo. | |
| [EN] | (4) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord nó chun fostaíochta ag an nGníomhaireacht. | |
| [EN] |
Caiteachas ag an nGníomhaireacht. |
18. —Féadfar cistí na Gníomhaireachta a úsáid— |
| [EN] | (a) chun na caiteachais a thabhaíonn sí i gcomhlíonadh a feidhmeanna a íoc, agus | |
| [EN] | (b) chun íocaíochtaí a dhéanamh, nó deontais nó iasachtaí a thabhairt, chun aon chríche a chabhróidh, i dtuairim na Gníomhaireachta, le gníomhaíochtaí eolaíochta agus teicneolaíochta a spreagadh agus a fhorbairt. | |
| [EN] |
Infheistíocht ag an nGníomhaireacht. |
19. —Féadfaidh an Ghníomhaireacht aon chistí dá cuid (nach cistí lena mbaineann alt 20 (3) den Acht seo) a infheistiú in aon slí a dtugann an dlí cumhacht d'iontaobhaí cistí iontaobhais a infheistiú. |
| [EN] |
An Ghníomhaireacht do ghlacadh bronntanas. |
20. —(1) Féadfaidh an Ghníomhaireacht bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir. |
| [EN] | (2) Ní ghlacfaidh an Ghníomhaireacht bronntanas má bhíonn na coinníollacha a bheidh curtha ag gabháil lena ghlacadh ag an deontóir ar neamhréir le feidhmeanna na Gníomhaireachta. | |
| [EN] | (3) Féadfar aon chistí de chuid na Gníomhaireachta, is bronntanas nó is fáltais ó bhronntanas a tugadh di, a infheistiú, faoi réir aon téarmaí nó coinníollacha a bheidh ag gabháil leis an mbronntanas, in aon slí a dtugann an dlí cumhacht d'iontaobhaí cistí iontaobhais a infheistiú. | |
| [EN] |
Tuarascáil bhliantúil agus faisnéis don Aire |
21. —(1) Tabharfaidh an Ghníomhaireacht gach bliain, ar cibé dáta a ordóidh an tAire, tuarascáil don Aire ar a himeachtaí faoin Acht seo i gcaitheamh na tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an dáta sin, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. |
| [EN] | (2) Beidh sa tuarascáil a thabharfar don Aire de bhun fho-alt (1) den alt seo cibé faisnéis a ordóidh an tAire i dtaobh feidhmeanna na Gníomhaireachta. | |
| [EN] | (3) Tabharfaidh an Ghníomhaireacht don Aire cibé faisnéis a éileoidh sé ó am go ham maidir le comhlíonadh a feidhmeanna. | |
| [EN] |
Cuntais agus iniúchadh. |
22. —(1) Coimeádfaidh an Ghníomhaireacht, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a fuair an Ghníomhaireacht nó ar na caiteachais go léir a thabhaigh sí agus, go háirithe, coimeádfaidh sí san fhoirm sin a dúradh na cuntais speisialta go léir sin a ordóidh an tAire nó an tAire Airgeadais ó am go ham. |
| [EN] | (2) Déanfaidh an Ghníomhaireacht cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur gach bliain faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta sin, déanfar cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe agus de cibé cuid eile de na cuntais a choimeádfar de bhun fho-alt (1) den alt seo a ordóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
| [EN] |
Oifigigh agus seirbhísigh. |
23. —(1) Déanfaidh an Ghníomhaireacht cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Ghníomhaireacht a chinnfidh sí le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais. |
| [EN] | (2) Cinnfidh an Ghníomhaireacht ó am go ham gráid, tionacht oifige agus coinníollacha seirbhíse a cuid oifigeach agus seirbhíseach. | |
| [EN] | (3) Íocfar le hoifigeach nó le seirbhíseach don Ghníomhaireacht cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Ghníomhaireacht ó am go ham, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais. | |
| [EN] |
Cumhacht sainchomhairleoirí a fhostú. |
24. —Féadfaidh an Ghníomhaireacht cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú ar chonarthaí seirbhíse gearrthréimhseacha a mheasfaidh sí is gá chun a feidhmeanna a urscaoileadh go cuí. |
| [EN] |
Toirmeasc ar fhaisnéis faoi rún a nochtadh. |
25. —(1) Ní dhéanfaidh aon duine atá nó a bhí ina chomhalta den Bhord nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Ghníomhaireacht, nó ina chomhairleoir nó ina shainchomhairleoir don Ghníomhaireacht aon fhaisnéis a nochtadh a bheidh aicmithe ag an nGníomhaireacht mar fhaisnéis faoi rún agus a fuair an duine le linn dó bheith ag comhlíonadh (nó de thoradh é do chomhlíonadh) dualgas mar chomhalta, mar oifigeach, mar sheirbhíseach, mar chomhairleoir nó mar shainchomhairleoir den sórt sin. |
| [EN] | (2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air. | |
| [EN] |
Coistí de chuid an Bhoird. |
26. —(1) Féadfaidh an Bord ó am go ham coistí a bhunú chun na feidhmeanna sin de chuid na Gníomhaireachta a chomhlíonadh is fearr nó is caothúla a d'fhéadfaí, i dtuairim an Bhoird, a chomhlíonadh ag coiste agus a shannfaidh an Bord do choiste. |
| [EN] | (2) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den Bhord a bheith, más oiriúnach leis an mBord é, ina gcomhaltaí de choiste a bhunaítear faoin alt seo. | |
| [EN] | (3) Beidh ceapadh duine chun gníomhú mar chomhalta de choiste a bhunaítear faoin alt seo faoi réir cibé coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha maidir le téarmaí agus tionacht oifige an chomhalta) is oiriúnach leis an mBord, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a fhorchur tráth déanta an cheaptha. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh an Bord comhalta de choiste a bhunaítear faoin alt seo a chur as oifig aon tráth. | |
| [EN] | (5) Féadfaidh an Bord aon tráth coiste a cheaptar faoin alt seo a dhíscaoileadh. | |
| [EN] | (6) Beidh gníomhartha coiste a bhunaítear faoin alt seo faoi réir a gceadaithe ag an mBord. | |
| [EN] | (7) Féadfaidh an Bord nós imeachta coistí a bhunaítear faoin alt seo a rialáil, ach, faoi réir aon rialála den sórt sin, féadfaidh coistí a bhunaítear faoin alt seo a nós imeachta féin a rialáil. |