An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL, 1990) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Na hAchtacháin a Aisghairtear)

16 1990

AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL, 1990

AN CHÉAD SCEIDEAL

Leasuithe Iarmhartacha

Alt 7

1. In alt 2 den Piracy Act, 1837, cuirfear isteach “and on conviction thereof shall be sentenced to imprisonment for life” ag deireadh an ailt.

2. Beidh éifeacht le halt 103 den Children Act, 1908, i ndáil le leanbh nó duine óg a chiontaítear i gcion a gceanglófaí príosúnacht saoil a ghearradh mar phianbhreith ar dhuine aosaithe ina leith, amhail mar a bhí éifeacht leis an alt sin roimh an Acht seo a rith i ndáil le leanbh nó duine óg a ciontaíodh i gcion a gceanglófaí pionós báis a ghearradh ar dhuine aosaithe ina leith.

3. Leasófar alt 1 den Acht Tréasa, 1939 , mar a leanas:

(a) i bhfo-ailt (1) agus (2) cuirfear “déanfar ar é a chiontú ann príosúnacht saoil a ghearradh air” in ionad “dlighfear ar a chiontú ann é chur chun báis”, agus

(b) i bhfo-alt (3) cuirfear “dúnmharú a bhfuil feidhm ag alt 3 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1990 , maidir leis” in ionad “dúnmharú breithe báis” (a cuireadh isteach ansin leis an Acht um Cheartas Coiriúil, 1964 ).

4. Leasófar an tAcht Cosanta, 1954 , mar a leanas:

(a) scriosfar “bháis nó” in alt 50 (2);

(b) cuirfear “príosúnacht saoil a chur air nó” in ionad “é a chur chun báis nó faoi” in ailt 124 agus 125;

(c) déanfar “ar feadh aon téarma nach faide ná dhá bhliain” a chur isteach i ndiaidh “príosúntacht” in alt 126 (2) (iii);

(d) cuirfear “príosúnacht saoil a chur air nó” in ionad “é a chur chun báis nó faoi” in ailt 127 agus 128;

(e) in ailt 133, 134, 135 (1) (b), 136, 137 (1), 140, 141, 142 (b), 142A (1) (ii), 143, 144, 145, 146, 147, 148, 150, 152, 153, 156, 157, 159 (1), 160, 161 (2), 162, 163, 164 (1), 165, 166, 167 agus 168 (1) déanfar “ar feadh aon téarma nach faide ná dhá bhliain” a chur isteach i ndiaidh “príosúntacht”;

(f) cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 169:

“Cionta is inphionóis de réir an ghnáthdhlí.

169.—(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, gach duine a dhéanfaidh, le linn dó bheith faoin dlí míleata, aon chion dá dtagraítear san alt seo, measfar é a bheith ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata, agus má chúisítear é faoin alt seo in aon chion den sórt sin (dá ngairtear cion sibhialta san Acht seo) dlífear é a thriail ag armchúirt.

(2) I gcás duine a chúisítear faoin alt seo a chiontú i dtréas nó i ndúnmharú ag armchúirt, gearrfar príosúnacht saoil air.

(3) I gcás duine a chúisítear faoin alt seo a chiontú i gcion ag armchúirt, seachas i gcion tréasa nó dúnmharaithe, dlífear pionós a chur air mar a leanas:

(a) más i ndúnorgain a chiontófar é, dlífear pianseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air;

(b) más i mbanéigean a chiontófar é, dlífear pianseirbhís nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air;

(c) más i ngníomh cinedhíothaithe ab inphionóis faoin Acht um Chinedhíothú, 1973 , a chiontófar é, dlífear príosúnacht mar a leanas a chur air—

(i) i gcás gurb é atá sa chion marú aon duine, príosúnacht saoil, nó

(ii) in aon chás eile, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná ceithre bliana déag;

(d) más in aon chion nach bhfuil sonraithe ar leithligh roimhe seo san alt seo a chiontófar é, agus más cion é is inphionóis de réir ghnáthdhlí coiriúil an Stáit i gcás gur sa Stát a dhéanfar é, dlífear, cibé acu sa Stát nó in aon áit eile a rinneadh an cion, aon phionós atá ceaptha ag dlí an Stáit don chion sin a chur air, nó má tá sé faoin dlí míleata mar oifigeach, é a dhífhostú faoi aithis as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air nó, má tá sé faoin dlí míleata mar fhear, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá bhliain nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.”;

(g) cuirfear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 169:

“Tréas agus dúnmharuithe áirithe-agus iarrachtaí áirithe a thriail ag armchúirt.

169A.—(1) Duine atá faoin dlí míleata agus a chúisítear i ndúnmharú a líomhnaítear gur dúnmharú é a bhfuil feidhm ag alt 3 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1990 , maidir leis nó in iarracht dúnmharú den sórt sin a dhéanamh, agus atá lena thriail ag armchúirt, cúiseofar é i ndúnmharú a bhfuil feidhm ag an alt sin maidir leis nó, de réir mar a bheidh, in iarracht dúnmharú den sórt sin a dhéanamh, agus beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas den Acht sin agus beidh éifeacht leo i ndáil leis an triail, eadhon—

(a) alt 4, ach ‘an armchúirt’ a chur in ionad ‘an chúirt’, agus

(b) fo-alt (2) d'alt 6, ach ‘a chúisítear’ a chur in ionad ‘a dhíotáiltear’.

(2) Beidh feidhm ag an alt sin 4 agus beidh éifeacht leis, i ndáil le triail duine atá faoin dlí míleata agus a chúisítear i dtréas, ach ‘an armchúirt’ a chur in ionad ‘an chúirt’.”;

(h) déanfar “ar feadh aon téarma nach faide ná dhá bhliain” a chur isteach i ndiaidh “príosúntacht” in alt 192 (2) (d);

(i) scriosfar fo-alt (2) in alt 198;

(j) cuirfear “Príosúnacht saoil” in ionad “Bás” in ailt 209 (1) agus 210 (1);

(k) in alt 210 (6) cuirfear “phríosúnachta saoil nó” isteach roimh “phian-tseirbhíse” i ngach áit a bhfuil na focail sin;

(l) i bhfo-ailt (7) agus (10) d'alt 210 cuirfear “ar feadh aon téarma nach faide ná dhá bhliain” isteach i ndiaidh “phríosúntachta”;

(m) ní bheidh feidhm ag alt 212 maidir le pianbhreith phríosúnachta saoil;

(n) in alt 220, scriosfar fo-alt (2) agus, i bhfo-alt (3), cuirfear “pianbhreith phríosúnachta ar dhuine a chiontú i dtréas nó i ndúnmharú, nó in iarracht ar dhúnmharú, a bhfuil feidhm ag alt 3 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1990 , maidir leis” in ionad “pianbhreith bháis”;

(o) in alt 221 (1) scriosfar “(seachas pianbhreith bháis)” agus cuirfear an coinníoll seo a leanas leis an bhfo-alt:

“Ar choinníoll—

(i) nach mbeidh, i gcás pianbhreith phríosúnachta a cuireadh ar dhuine ar é a chiontú i dtréas nó i ndúnmharú, nó in iarracht ar dhúnmharú, a bhfuil feidhm ag alt 3 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1990 , maidir leis, an chumhacht sin chun maolaithe nó loghtha a dúradh infheidhmithe roimh dhul in éag don tréimhse íosta a shonróidh an armchúirt faoi alt 4 den Acht sin, arna chur chun feidhme le halt 169A den Acht seo, lúide aon laghdú ar an tréimhse sin a dhéanfar faoi mhír (ii) den choinníoll seo, agus

(ii) go mbeidh, maidir leis na rialacha nó leis an gcleachtas faoinar féidir le príosúnaigh i gcoitinne loghadh pianbhreithe a thuilleamh trí dhúthracht agus dea-iompar, feidhm acu i gcás duine a mbeidh pianbhreith á cur isteach aige a cuireadh air ar é a chiontú i dtréas nó i ndúnmharú, nó in iarracht ar dhúnmharú, a bhfuil feidhm ag an alt sin 3 maidir leis amhail is dá mbeadh téarma príosúnachta gearrtha air is comhionann leis an tréimhse íosta a bheidh sonraithe ag an armchúirt faoin alt sin 4, arna chur chun feidhme le halt 169A den Acht seo, agus laghdófar an tréimhse sin de mhéid aon loghadh a bheidh tuillte amhlaidh aige.”;

(p) in alt 222, scriosfar mír (a) agus “in aon chás eile” i mír (b);

(q) cuirfear an fo-alt seo a leanas le halt 223:

“(10) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le pianbhreith phríosúnachta ar dhuine a chiontú i dtréas nó i ndúnmharú, nó in iarracht ar dhúnmharú, a bhfuil feidhm ag alt 3 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1990 , maidir leis.”;

(r) scriosfar alt 227;

(s) cuirfear an fo-alt seo a leanas isteach in alt 228 i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) I gcás go gcuirfidh armchúirt pianbhreith phríosúnachta saoil agus go ndaingneofar í, déanfar an príosúnach míleata, a luaithe is féidir, a chur á chimiú chun príosúin phoiblí lena phianbhreith a fhulaingt de réir dlí, agus beidh éifeacht le fo-ailt (2) go (7) den alt seo i ndáil leis—

(a) amhail is dá mba thagairt do phríosúnach míleata gach tagairt sna fo-ailt sin do phianseirbhí míleata agus amhail is dá mba thagairt do phríosún poiblí gach tagairt iontu do phríosún pianseirbhíse, agus

(b) amhail is dá mba thagairt do phríosúnacht an tagairt san fho-alt sin (7) do phianseirbhís.”;

(t) ní bheidh feidhm ag alt 229 maidir le príosúnach míleata a gcuirfear príosúnacht saoil mar phianbhreith air; agus

(u) cuirfear an fo-alt seo a leanas isteach in alt 233 i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Aon chumhacht a thugtar le rialacha faoin alt seo chun duine a scaoileadh saor go sealadach ní bheidh sí, i gcás duine a mbeidh pianbhreith á cur isteach aige a cuireadh air ar é a chiontú i dtréas nó i ndúnmharú, nó in iarracht ar dhúnmharú, a bhfuil feidhm ag alt 3 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1990 , maidir leis, infheidhmithe i gcaitheamh na tréimhse a mbeidh an chumhacht chun a phionós a mhaolú nó a loghadh toirmiscthe le mír (i) den choinníoll (a cuireadh isteach leis an Acht sin) a ghabhann le halt 221 (1) den Acht seo ach amháin ar chúiseanna tromaí de chineál daonchairdiúil, agus ní mhairfidh aon scaoileadh saor den sórt sin ach cibé fad teoranta a bheidh cóir ag féachaint do na cúiseanna sin.”.

5. San Acht um Achomhairc Armchúirteanna, 1983

(a) in ailt 26, 28 (2) (c) agus 28 (3) (ii) (I) déanfar “i gcion a gceanglófaí dá dheasca pianbhreith phríosúnachta saoil a chur ar dhuine ar é a chiontú” a chur in ionad “i gcion báis nó i ndúnmharú”;

(b) in alt 27 (2) (c) déanfar “i gcúis ciona a gceanglófaí dá dheasca pianbhreith phríosúnachta saoil a chur ar dhuine ar é a chiontú” a chur in ionad “i gcúis bháis nó i gcúis dúnmharaithe”.