|
|||
| |||
Dearadh an Treoir seo le cabhrú leat tosú ag úsáid na seirbhíse seo, agus pléitear ann na ceisteanna is minicí a chuireann úsáidirí a bhaineann leas as an suíomh seo:
Trí bhrabhsáil
Nuair a ghliogálann tú ar an gcnaipe brabhsála, gheobhaidh tú liosta de na hAchtanna Oireachtais liostáilte de réir gach deich mbliana. Gliogáil ar an mBliain le liosta Achtanna don bhliain sin a fheiceáil.
Gliogáil ar Theideal an Achta agus léireofar an tAcht i bhfuinneog do bhrabhsálaí.
Trí Chuardach
An slí is tapúla le teacht ar fhaisnéis bheacht ná trí chuardach. Tagann tú ar an bhfoirm cuardaigh leis an gcnaipe cuardaigh atá ar bharra uirlisí an tsuímh. Gliogáil ar an gcnaipe cuardaigh agus lódálann an comhéadan cuardaigh.
Féadtar cuardaigh a rith maidir le Teidil Fhada, Gearrtheidil, Taobhnótaí, nó corp iomlán an Achta.
Féadtar na torthaí a shrianadh go huasmhéid áirithe aimsithe (25 an loicrogha) agus a shrianadh arís de réir réimse blianta, tús agus críoch, uimhir an Achta, nó uimhir an Ailt.
Mar shampla, más mian leat fios a bheith agat cé mhéid Achtanna a bhí ann idir 1978 agus 1990 agus 'Shóisialaigh' sa Teideal agus tagairt do 'Leanaí' i gcorp an Achta, beidh an chuma seo thíos ar d'iarratas cuardaigh:

Brúigh Cuardach le cuardach a chur i bhfeidhm.
Léirítear na torthaí sa bhfuinneog torthaí.

Gliogáil ar an teideal leis an leathanach a oscailt, aibhsítear le dath buí na haimsithe.

Tacaítear le Comhréir iomlán Boole (féach thíos liosta cuimsitheach d'oibritheoirí cuardaigh a dtacaítear leo).
Tacaítear leis na hOibritheoirí Cuardaigh seo a leanas sa chomhéadan cuardaigh.
'frása'
Frása beacht a aimsíonn na téarmaí idir camóga amháin. Mar shampla, ní aimseoidh 'Acht Airgeadais' ach an frása cruinn sin sa bhunachar.
AND
Oibritheoir loighciúil Boole AND. Lorgaítear taifid ina bhfuil an dá fhocal a bhfuil sé eatarthu.
OR
Oibritheoir loighciúil Boole OR. Lorgaítear taifid ina bhfuil ceachtar ceann den dá fhocal a bhfuil sé eatarthu.
NOT
Oibritheoir loighciúil Boole NOT. Lorgaítear taifid ina bhfuil an focal fiosraithe atá roimhe, ach nach bhfuil an focal a leanann é ann. M.Sh. cat NOT madra.
NEAR
Oibritheoir NEAR. Feidhmíonn mar oibritheoir gaireachta déthreoch má shonraítear an réimse focal (m. sh. easnamh near/3 caiteachas). Mura sonraítear réimse focal, feidhmíonn sé mar oibritheoir cóngarachta déthreoch.
ADJ
Oibritheoir cóngarachta. Lorgaítear taifid ina bhfuil an focal ina dhiaidh le feiceáil díreach tar éis an fhocail atá roimhe.
W/n
Oibritheoir gaireachta. Lorgaítear péirí focal áit a aimsítear an dara focal sa phéire laistigh de líon áirithe focal den chéad cheann. Sampla: Aimsíonn amfaibiach W/5 DNA taifid ina bhfuil DNA laistigh de chúig fhocal tar éis amfaibiach.
?
Oibritheoir saoróige do charachtar singil; meaitseálann aon charachtar amháin.
*
Oibritheoir saoróige do theaghráin; meaitseálann aon teaghrán. Samplaí: tagann micr* ar micreascóp, micreathonn; tagann *seach ar coibhéiseach, fadtréimhseach.
+
Oibritheoir Gas; fórsálann gas focail (má tá cuardach gaise múchta). Sampla: tagann rith+ ar rith, ritheann, agus rithfidh.
#
Oibritheoir lán-chomhoiriúna; fórsálann meaitseáil lán-chomhoiriúnach (má tá cuardach gaise lasta). Sampla: tagann rith# ar rith, ach fágtar ritheann nó rithfidh ar lár.
@
Oibritheoir stórchiste; malartaíonn an focal roimh an oibritheoir le focail chomhchiallacha ón stórchiste. Sampla: Déantar saitilít@ a mhalartú le focail chomhchiallacha liostáilte faoi saitilít sa stórchiste.
!
Oibritheoir coincheapa; gintear go huathoibríoch liosta focal gaolmhar leis an bhfocal roimh an oibritheoir; lorgaítear, aimsítear agus rangaítear gach taifead ina bhfuil na focail ghaolmhara sin; aibhsítear focail aimsithe.
Agus tú ag breathnú ar Acht i mBéarla, ní gá duit ach gliogáil ar an deilbhín ar thaobh clé an scáileáin agus aistreofar tú go dtí an pointe céanna sa Leagan Gaeilge den Acht comhionann.
Úsáid an cnaipe 'Back' ar do bhrabhsálaí le filleadh ar an Leagan Béarla.
Agus tú ag breathnú ar Acht i mBéarla, gliogáil ar an gcnaipe 'Scáileán Roinnte' le socruithe an bhrabhsálaí a athrú chun go mbeidh an leagan Gaeilge agus Béarla den Acht le feiceáil taobh le taobh.
Úsáid an cnaipe 'Back' ar do bhrabhsálaí le filleadh ar an Leagan Béarla.
Leis an gcuid den Acht atá ar do scáileán a chló, roghnaigh 'File' agus ansin roghnaigh 'Print' nó brúigh ar CTRL+P.
Le hAcht iomlán a chló gliogáil ar an gcnaipe Réamhamharc Cló. Léireofar cóip den Acht iomlán i bhfuinneog do bhrabhsálaí. Brúigh CTRL+P le cló.
Le hAcht iomlán nó cuid d'Acht a shábháil ar do ríomhaire, roghnaigh 'File' agus 'Save As' leis an gcomhad a shábháil chuig áit ar leith ar do ríomhaire. Féadtar comhad a shábháiltear mar HTML nó HTM a oscailt agus eagar a chur air sa chuid is mó de na Próiseálaithe Focal atá ann.
Más mian leat an tAcht iomlán a shábháil, molaimid duit an fheidhm 'Réamhamharc Cló' a úsáid le cóip den Acht a ghiniúint, agus ansin an fheidhm 'File, Save as' a úsáid len é a shábháil chuig do ríomhaire.
Le hábhar a chóipeáil ó fhuinneog an bhrabhsálaí, aibhsigh an téacs ar mian leat é a chóipeáil, agus roghnaigh 'Copy' ón roghchlár 'Edit' nó brúigh CTRL+C.
Leis an ábhar sin a chóipeáil isteach i bhfeidhmchlár, roghnaigh 'Edit' agus 'Paste' nó brúigh CTRL+V.